Thursday, June 7, 2012

Réabhlóid Phearsanta atá uaim.

A Neamhléitheoir dílis,

 Tá brón orm nach mbaineann nios mó úsáide as an mblag seo. Teastaíonn uaim rud éigin a chruthú, ach de réir mar a éirím níos sine, bíonn drogall nó easpa muinín agam. Ag teacht abhaile ar an Uimhir 214 inniu, chuireas dúshlán ós mo chomhair dom féin. Táim chun píosa a scríobh uair amháin in aghaidh na seachtaine. Agus táim chun an blag a oscailt go dtí an domhain mór. I láthair na huaire, tá an dialann seo príobháideach. Scríobhaim chuig na spéire agus chuig na scamall. Níl an caighdeán atá uaim bainte amach agam go dtí seo. Ní fheicim aon scríbhneoirí óga ag baint úsáide as an nGaeilge mar uirlis scríbhneoireachta. Ní uirlis í, táim i dtír na gclícheanna a loit mo thráchtas. Chaithfinn an treabh seo a chlasú i'm aonar. Is fada ó Ní Dhomhnaill atáimid anois.

 Cuireann stádas na Gaeilge faoi láthair díomá orm. Ní dóigh liom go bhfuil go leor ar siúl ag lucht labhartha na Gaeilge chun í a chóiméad bríomhar agus cuí i láthair na huaire. Ach n'fheadar nach bhfuil sí bríomhar nó ábhartha i mo shaol? Ní an misneach chun 'Go Raibh Maith Agat' a rá i nGaeilge don thiománaí bus ar maidin fiú.

 Má fhéachann tú ar feachtas Bernard Dunne a theip ar le déanaí. Ní raibh suim dá laghad ag 100,000 duine 'like' a chliceáil ar Facebook. Agus baineann an 'réabhlóid' sin leiss an gcoincheap gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Cá sheasann an Ghaeilge gan an bréagthacaíocht ón Bhéarla. Gaeilge bhriste. Sin an méid a bheidh fágtha againn. Táim freagrach chomh maith - níl fhios agam cé mhéid botúin gramadaí atá sa sliocht seo. Go dtí an tseachtain seo chugainn mar sin, is dócha. Réabhlóid phearsanta. Ag tosú leis an tiománaí bus. Agus an blag seo.

Friday, September 30, 2011

Heaven Knows It's Got to Be This Time

Deireadh an tSamhraidh, cár imigh sé? Faoi láthair, an gcreidfeá go bhfuilim ag obair go lán-aimseartha agus d'fheadfá a rá go bhfuilim ag déanamh dul chun cinn i mbeagnach gach gné den tsaol? Bhuel, ón taobh amuigh tá an chuma ar an scéal go bhfuil. Níl sé sin fíor, níl mórán cúis gearáin agam a thuilleadh. Seachas na freagrachtaí a bhaineann le bheith i do dhuine fásta sa chathair.

Tá ceann de na blaganna is fearr liom, www.theantiroom.com ar ais tar éis bliain ar an trá folamh. Oops, is cosúil go raibh na mná i gcónaí ann, ach ní rabhas ag fáil teachtaireachtaí uathu. Tá cartlann agam chun dlúthú uirthi anois, is dócha.

Tá sraith blag tosaithe acu ar an mbean is mó i saol an duine, ár máithreacha. Scríobh Jennie Ridyard sliocht ionspioráideach ar son a matháir, agus spreag sé chun smaoineamh mé. Nuair atá an t-am agam táim chun 'óid do mham' a scríobh anseo. Bíonn sé ar intin agam rud éigin a scríobh, nó mo chuid mothúcháin a chur i bhfoirm próis faoi mo mham le blianta anois.

Táim fós ag iarraidh an tráchtas a chríochnu (...), agus táim ag iarraidh post níos fearr a aimsiú. Nílim chun mo shaol a chaitheamh in ionad glaonna, nílim chun mo chuid óige a chur amú ansin...

Monday, June 20, 2011

Ag lorg cabhair!

N'fheadar an bhfuil aon léitheoirí agam - ní dóigh liom go bhfuil! Ach, táim ag iarraidh tráchtas a scríobh faoi láthair dar teideal "An t-úrscéal d'fhoghlaimeoirí fásta."


Mar sin!


Más 'foghlaimeoir fásta na Gaeilge' tú agus má tá suim agat i litríocht na Gaeilge, go háirithe na leabhair atá dírithe ar foghlaimeoirí amháin, bhéinn fíor (x1000!) bhuíoch díot dá bhféadfá in ann an suirbhé seo a leanas a dhéanamh:


http://www.surveymonkey.com/s/RR2X8B8


Go raibh míle agus an jazz sin go léir!

Monday, June 13, 2011

Folúús

Caithfidh mé tráchtas a scríobh, an dole a fháil agus bualadh le seanchairde le linn an tsamhraidh. Agus muinín a fháil chun níos mó a scríobh.

Agus tá an páirc áitiúil dúnta. Caithfidh mé tearmainn nua a aimsiú sa bhaile mór.

Ag éisteacht le Gang Gang Dance le déanaí chomh maith. Sin a' méid.

Friday, May 27, 2011

Pearsana. Carachtair.

Táim chun carachtair a chur ós bhur gcomhair. Tá aithne agam air le blianta anois. Ní cairde muid a thuille. Ní leannáin muid a thuille ach an oiread. Tabharfaidh mé 'Oh' air amach anseo.

Chaith mé an-chuid ama ag iarraidh déileáil leis an scaradh agus nílim críochnaithe anois. Is próiseas ann, is dócha, agus tarlaíonn sé do gach uile duine a theastaíonn uatha saol fiúntach, iomlán a chaitheamh.

Tharla an chéad chéim dom timpeall Mí Eanáir. Chaith mé cúpla lá sa leaba. Táim dáiríre, níor éirigh mé go dtí 20.30 gach lá ar feadh seachtaine. Tharla deireadh le gach aon ní a raibh dearfach i mo shaol, dar liom. Rinne mo chairde iarracht comhthéacs a thaispeáint dom. Níor éirigh leo.

Ansin an chéad chéim eile. Rinne mé iarracht cairdeas a bheith agam leis. Ag iarraidh greim daingean a fháil agus a choimeád ar a smaointe fánacha, smaointe nach raibh suim dá laghad agam iontu a thuilleadh.

"An bhfuil an gig deireanach LCD Soundsystem cloiste agat?"

"Níl mo laidhre chomh dona is a bhí siad anuraidh."

"Ar chuala tú go bhfuil mo dhuine i bponc?"

Níor éirigh leis.

Chodlaíomar le chéile uair amháin i ndiadh ár ndeireadh, ach níor éirigh linn aon sásamh a fháil ón fhulaingt. (Bhuel, níor éirigh liomsa,  pé scéal é.)

Anois, tá cailín nua ag Oh,agus tá buachaill agam dom féin chomh maith. D'éirigh liom pléisiúr éigin a fháil uaigh,ach is casta an scéil é.

N'fheadar cad a tharlóidh amach anseo. Níl orm nó níl air atá an locht. Maith dom an beirt againn. Ach ní maith liom muid.

Piliúr Imbhuailte

Sin an focal atá ag lucht na hIorua ar 'aermhála'. Nach deas an coincheap é. Ba bhreá liom piliúr dá leithéid anois is arís.

Monday, April 18, 2011

Cogaí síoraí in intinn duine

Tá an t-earrach ag teacht agus ag tabhairt leis an t-ardú anama sin. An gliondar agus an fuinneamh ag múscailt ó chodail fada an gheimhridh. Caithfidh mé díriú isteach ar na scrúdaithe anois. Táim ag iarraidh dul i ngleic le 'saol na mban i saothar Mháirtín Uí Chadhain' mar ceist scrúdú.

Cuireann sé chun smaoineamh mé. An Ghaeilge mar modh chun an sóisialachas a chur chun cinn - rud atá ait domsa cé gur ainrialaí, sóisialach, feimineach cibé-rud-a-chuireann-as-do-dhaoine mé, is léir domsa gur acmhainn meán-aicmeach go leor í an Ghaeilge anois. Chun an fhírinne ghlan a rá, meallann an méid airgid a bhaineann leis an nGaeilge mé. Níor chreid mé gurbh fhéidir liom na tuairimí pearsanta atá agam a cheangail leis an nGaeilge, ach tá sé ciallmhar go leor. Ag tarraingt na cumhachta ón seanchóras Béarlach sa mhéid céanna go bhféadfaí an chumhacht a bhaint ón córas patrarcach.

"Is meán nua más cúng féin í an Ghaeilge
agus is dúshlán fúm í.
Is liom féin í
Rud nach féidir liom a rá faoi mhéan ar bith eile.

Tá aois na caillí Béara agam,
Aois Bhrú na Boinne,
Aois na heilite móire.
Tá dhá mhíle bliain den chráin bhrean sin
arb í Éire í.

Ag dul timpeall
i mo chluasa
i mo bhéil
i mo shúile
i mo cheann
i mo bhrionglóidí.

Máirtín Ó Cadhain 1969.

Samhlaigh. Tháinig mé anseo chun bualadh craicinn agus Sonic Youth a phlé. An chéad uair eile, b'fhéidir.