Sunday, August 15, 2010

Seasúr na Seafóide

Ba chóir dom níos mó rudaí a scríobh. Sin an fáth go bhfuilim anseo. Níl aon rud fiúntach le scríobh agam, admhaím. Ach sin an rud is fearr faoin ár dteanga rúnda seo - bíonn níos lú daoine ann chun do chuid tuairimí a cháineadh. Ach, anois, a léitheoir, tá deis agat mo chuid fánadóireacht intinne a léamh ina iomlán. Nach bhfuil an t-ádh dearg leat.

Inseoidh mé cúpla rud fúm i dtús báire. Táim 22. Is mac léinn iarchéime mé - táim ag bogadh Cois Laoi i gceann cúpla seachtain chun staidéir a dhéanamh ar an nGaeilge agus na nithe a bhaineann go sonrach léi. Níl ardchaighdeán sa Ghaeilge bainte amach agam go fóill, ach táim fós ag foghlaim go foighneach. Eagraím rudaí éagsúla ar son na Gaeilge i mo bhaile dúchais. Ní baile Gaelach é ar chorr ar bith, agus déanaimid ár ndícheall chun gréasán Gaelach a chruthú.

Taitníonn sé liom bheith ag gearán. Taithíonn sé liom bheith achrannach. Is feimineach mé, an dtuigeann tú. Níl aon airgead agam. Níl post agam. Tá intinn agam áfach, agus níl sé i bpríomh a mhaitheas ag teacht chun deireadh an tsamhraidh. An iomarca ama caite agam ag ól sa pháirc. Beidh sé ag éirí níos dorcha as seo amach agus táim ag tnúth le bheith ag tabhairt amach anseo.

Bhuel, slán, is dócha. Agus deas buaileadh libh, lucht an idirlín.