Sunday, March 20, 2011

"Dóigh m'fháinne solais poll sa talamh"

Halo arís.

Rinne mé dearmad go raibh an blagín beag anseo, ag titim i léamh sa chúinne ar an Idirlíon. Táim anseo i gCorcaigh le seacht mí anois. Nach ait an rud é. Bí cúramach faoi na rudaí atá uait, mar a dearfaí. Ach, tá cúis gearáin mhaith agam is dócha.


Déanfaidh mé iarracht níos mó chun bheith ag scríobh, tá dóthain ama agam. Tá deireadh na léachtaí beagnach buailte liom. Ba chóir dom bheith ag staidéar, ach, sin scéal eile.

Oíche Domhnaigh. Dóchas go bhfaighidh mé fuinneamh ó áit éigin chun dúshláin na seachtaine atá romham a bhaint amach. Fan go bhfeicimid.