Monday, April 18, 2011

Cogaí síoraí in intinn duine

Tá an t-earrach ag teacht agus ag tabhairt leis an t-ardú anama sin. An gliondar agus an fuinneamh ag múscailt ó chodail fada an gheimhridh. Caithfidh mé díriú isteach ar na scrúdaithe anois. Táim ag iarraidh dul i ngleic le 'saol na mban i saothar Mháirtín Uí Chadhain' mar ceist scrúdú.

Cuireann sé chun smaoineamh mé. An Ghaeilge mar modh chun an sóisialachas a chur chun cinn - rud atá ait domsa cé gur ainrialaí, sóisialach, feimineach cibé-rud-a-chuireann-as-do-dhaoine mé, is léir domsa gur acmhainn meán-aicmeach go leor í an Ghaeilge anois. Chun an fhírinne ghlan a rá, meallann an méid airgid a bhaineann leis an nGaeilge mé. Níor chreid mé gurbh fhéidir liom na tuairimí pearsanta atá agam a cheangail leis an nGaeilge, ach tá sé ciallmhar go leor. Ag tarraingt na cumhachta ón seanchóras Béarlach sa mhéid céanna go bhféadfaí an chumhacht a bhaint ón córas patrarcach.

"Is meán nua más cúng féin í an Ghaeilge
agus is dúshlán fúm í.
Is liom féin í
Rud nach féidir liom a rá faoi mhéan ar bith eile.

Tá aois na caillí Béara agam,
Aois Bhrú na Boinne,
Aois na heilite móire.
Tá dhá mhíle bliain den chráin bhrean sin
arb í Éire í.

Ag dul timpeall
i mo chluasa
i mo bhéil
i mo shúile
i mo cheann
i mo bhrionglóidí.

Máirtín Ó Cadhain 1969.

Samhlaigh. Tháinig mé anseo chun bualadh craicinn agus Sonic Youth a phlé. An chéad uair eile, b'fhéidir.