Friday, May 27, 2011

Pearsana. Carachtair.

Táim chun carachtair a chur ós bhur gcomhair. Tá aithne agam air le blianta anois. Ní cairde muid a thuille. Ní leannáin muid a thuille ach an oiread. Tabharfaidh mé 'Oh' air amach anseo.

Chaith mé an-chuid ama ag iarraidh déileáil leis an scaradh agus nílim críochnaithe anois. Is próiseas ann, is dócha, agus tarlaíonn sé do gach uile duine a theastaíonn uatha saol fiúntach, iomlán a chaitheamh.

Tharla an chéad chéim dom timpeall Mí Eanáir. Chaith mé cúpla lá sa leaba. Táim dáiríre, níor éirigh mé go dtí 20.30 gach lá ar feadh seachtaine. Tharla deireadh le gach aon ní a raibh dearfach i mo shaol, dar liom. Rinne mo chairde iarracht comhthéacs a thaispeáint dom. Níor éirigh leo.

Ansin an chéad chéim eile. Rinne mé iarracht cairdeas a bheith agam leis. Ag iarraidh greim daingean a fháil agus a choimeád ar a smaointe fánacha, smaointe nach raibh suim dá laghad agam iontu a thuilleadh.

"An bhfuil an gig deireanach LCD Soundsystem cloiste agat?"

"Níl mo laidhre chomh dona is a bhí siad anuraidh."

"Ar chuala tú go bhfuil mo dhuine i bponc?"

Níor éirigh leis.

Chodlaíomar le chéile uair amháin i ndiadh ár ndeireadh, ach níor éirigh linn aon sásamh a fháil ón fhulaingt. (Bhuel, níor éirigh liomsa,  pé scéal é.)

Anois, tá cailín nua ag Oh,agus tá buachaill agam dom féin chomh maith. D'éirigh liom pléisiúr éigin a fháil uaigh,ach is casta an scéil é.

N'fheadar cad a tharlóidh amach anseo. Níl orm nó níl air atá an locht. Maith dom an beirt againn. Ach ní maith liom muid.

No comments:

Post a Comment