Thursday, June 7, 2012

Réabhlóid Phearsanta atá uaim.

A Neamhléitheoir dílis,

 Tá brón orm nach mbaineann nios mó úsáide as an mblag seo. Teastaíonn uaim rud éigin a chruthú, ach de réir mar a éirím níos sine, bíonn drogall nó easpa muinín agam. Ag teacht abhaile ar an Uimhir 214 inniu, chuireas dúshlán ós mo chomhair dom féin. Táim chun píosa a scríobh uair amháin in aghaidh na seachtaine. Agus táim chun an blag a oscailt go dtí an domhain mór. I láthair na huaire, tá an dialann seo príobháideach. Scríobhaim chuig na spéire agus chuig na scamall. Níl an caighdeán atá uaim bainte amach agam go dtí seo. Ní fheicim aon scríbhneoirí óga ag baint úsáide as an nGaeilge mar uirlis scríbhneoireachta. Ní uirlis í, táim i dtír na gclícheanna a loit mo thráchtas. Chaithfinn an treabh seo a chlasú i'm aonar. Is fada ó Ní Dhomhnaill atáimid anois.

 Cuireann stádas na Gaeilge faoi láthair díomá orm. Ní dóigh liom go bhfuil go leor ar siúl ag lucht labhartha na Gaeilge chun í a chóiméad bríomhar agus cuí i láthair na huaire. Ach n'fheadar nach bhfuil sí bríomhar nó ábhartha i mo shaol? Ní an misneach chun 'Go Raibh Maith Agat' a rá i nGaeilge don thiománaí bus ar maidin fiú.

 Má fhéachann tú ar feachtas Bernard Dunne a theip ar le déanaí. Ní raibh suim dá laghad ag 100,000 duine 'like' a chliceáil ar Facebook. Agus baineann an 'réabhlóid' sin leiss an gcoincheap gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Cá sheasann an Ghaeilge gan an bréagthacaíocht ón Bhéarla. Gaeilge bhriste. Sin an méid a bheidh fágtha againn. Táim freagrach chomh maith - níl fhios agam cé mhéid botúin gramadaí atá sa sliocht seo. Go dtí an tseachtain seo chugainn mar sin, is dócha. Réabhlóid phearsanta. Ag tosú leis an tiománaí bus. Agus an blag seo.

No comments:

Post a Comment